8. Beidh bealach mór agus bóthar ansina dtabharfar mar ainm air an Bealach Beannaithe;ní shiúlfaidh an neamhghlan an treo sin,ná ní bheidh lucht baoise ag fánaíocht ar a fhad.
9. Ní bheidh leon ar bith ansin feastaná aon chreachadóir d'ainmhí allta;ach an dream atá i ndiaidh a bhfuascailte, is iad a shiúlfaidh é,
10. agus an dream atá saortha ag an Tiarna, leanfaidh siad abhaile é.Tiocfaidh siad go Síón, ag liúireach le gairdeas,agus aoibhneas síoraí ina choróin ar a gceann;tiocfaidh áthas agus aoibhneas ag triall ina gcuideachta,agus beidh casaoid agus crá bailithe leo ar shiúl.