Íseáia 30:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is mairg do chlann na ceannairce!- briathar an Tiarna é seo.Tá beart á chur i bhfeidhm acu nach liomsa é,ag snaidhmeadh páirtíochta nár shéid m'anáilse fúithi,ionas go bhfuil cion sa mhullach ar chion á charnadh acu.

2. Tá siad bailithe leo ag tarraingt ar an Éigipt,gan comhairle a iarraidh ó mo bhéal,ag lorg dídine faoi dhídean Fhorainnagus foscadh ar scáth na hÉigipte.

3. Ina hábhar náire agaibh a bheidh an dídean sin Fhorainn,foscadh scáth na hÉigipte ina chúis mearbhaill daoibh;

4. cé go bhfuil a thaoisigh tar éis teacht go Zoan,agus a theachtairí imithe fhad le Hánaes.

Íseáia 30