6. Ullmhóidh Tiarna na Sluaar an sliabh seo le haghaidh na gciníocha go léircóisir saille, cóisir do rogha na bhfíonta,de smior na saille, de thogha agus de rogha na bhfíonta;
7. agus tógfaidh sé ar shiúl an chaille bhróina bhí ag clúdach na gciníocha go léir,agus an eisléine a bhí ag folach na náisiún uile;
8. cuirfidh sé an bás ar ceal go deo.Triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir;tógfaidh sé an milleán dá phobal agus den domhan uile;óir is é an Tiarna a dúirt é.
9. Déarfar an lá sin: “Breathnaígí, is é ár nDia é,a raibh muid ag dréim le slánú uaidh;is é an Tiarna é, a raibh muid ag dréim leis.Déanaimid gairdeas agus lúcháir mar gur shlánaigh sé sinn”;
10. óir tá lámh an Tiarna ag lonnú ar an sliabh seo.Tá Móáb á shatailt síos ina áit féin,mar a shatlaítear cochán síos i gclais aoiligh;