Íseáia 15:5-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Tá mo chroí ag éagaoin ar son Mhóáb,agus a uaisle ar teicheadh fad le Zoar.Och! fána Lúichít suasatá a dtriall agus iad ag caoineadh.Ar bhealach Horonáímtá siad ag gol go coscarthach.

6. Och! uiscí Nimrím,is sceirdiúil an áit í;tá an féar feoite, an scraith ghlas seargtha,lusra níl ann níos mó.

7. Is é sin an fáth a bhfuil a soláthar déantaagus a bhfuil a maoin á hiompar acuthar Sruthán na Saileach anonn.

8. Och! déanann an liúireach cuairt chríoch Mhóáb;fhad le hEaglaím tá a uailleach le cloisint,a uailleach fad le Béar Éilím.

Íseáia 15