1. Fáistine i dtaobh Mhóáb.An oíche a ndearnadh creach ar Ár,fágadh Móáb ina thost;an oíche ar creachadh Cír,fágadh Móáb ina thost.
2. Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón,suas ar na hardáin chun caoineadh;ar Neabó agus i Maedabátá Móáb ag olagón.Tá gach cloigeann bearrtha,gach féasóg lomtha;
3. sna sráideanna tá éadach róin orthu,agus ar bharr na dtithe táthar ag caoineadh.Sna cearnóga tá gach aon ag olagónagus an gol ag briseadh orthu.