Íseáia 13:6-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Déanaigí olagón! óir tá sé i ngar, lá an Tiarna;tá sé chugaibh ina léirscrios ó Dhia na n‑uilechumhacht.

7. Dá bharr sin tá na lámha uile ar sileadh,agus croí an uile dhuine go fann;

8. tá scéin orthu agus scaoll,tá siad i bpriacail ar nós mná seolta.Tá siad ag breathnú ar a chéileagus a ngnúiseanna lasta le náire.

Íseáia 13