Irimia 51:15-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Is é a rinne an talamh lena chumhacht;is é a dhaingnigh an chruinne lena eagna,agus a spréigh amach na flaithis lena ghrinneas.

16. Nuair a dhéanann sé toirneachbíonn tormán uisce sna flaithis;tugann sé ar na néalta éirí ó chríocha na talún,déanann tintreach le haghaidh na fearthainne,agus tugann an ghaoth as a ionad taisce.

17. Leis sin tagann ionadh agus alltacht ar gach n‑aon;deargann gach órcheardaí mar gheall ar íola a lámh,óir is bréaga a chuid íol, gan puth anála iontu.

18. Is náideanna iad, is díol gáire;nuair a thiocfaidh am a gcuarta, rachaidh siad as.

19. Ní cosúil leo siúd ‘Roinn Iacóib’,óir is é cruthaitheoir an uile ní é,agus is é Iosrael treibh a oidhreachta.Tiarna na Slua is ainm dó.”

20. “Ba thú mo thua catha, mo arm cogaidh.Is leatsa a threascair mé na náisiúin,a leag mé na ríochtaí.

21. Agus is leat a shín mé an t‑each agus an marcach,an carbad agus an carbadóir;

Irimia 51