Irimia 42:6-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Más olc maith linn é umhlóimid do ghlór an Tiarna ár nDia chun a gcuirimid thusa, le go mbeidh an scéal go maith againn, nuair a umhlóimid do ghlór an Tiarna ár nDia.”

7. Tar éis deich lá tharla go dtáinig briathar an Tiarna go Irimia.

8. Chuir seisean fios ar Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm a bhí in éineacht leis, agus an pobal uile ó bheag go mór.

9. Dúirt sé leo: “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, chun ar chuir sibh mise a fhoilsiú bhur n‑achainí dó:

10. ‘Más toil libh fanacht go sítheach sa tír seo, tógfaidh mise suas sibh agus ní chaithfidh mé síos sibh; plandóidh mé sibh agus ní tharraingeoidh mé aníos sibh. Óir tá aiféala orm faoin olc a rinne mé oraibh.

11. Ná bíodh eagla rí na Bablóine oraibh faoi mar atá; ná bígí i bhfaitíos roimhe - a deir an Tiarna - óir táimse libh do bhur bhfuascailt agus do bhur sábháil as a láimh.

12. Glacfaidh mé trua daoibh, le go mbeidh trua aigesan daoibh agus go ligfidh sé daoibh cur fúibh in bhur ndúiche féin.

13. Ach má deir sibh: Ní maith linn fanacht sa tír seo; agus gan umhlú do ghlór an Tiarna bhur nDia,

14. á rá: Ní hea, ach rachaimid go tír na hÉigipte, áit nach bhfeicfimid cogadh ar bith agus nach gcluinfimid fuaim an stoic agus nach mbeidh easpa aráin orainn; is ann a dhéanfaimid cónaí.

15. Más mar sin é, éistigí le briathar an Tiarna Dia, sibhse a fhuíoll Iúdá. Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael:

Irimia 42