6. Thóg siad Irimia mar sin agus theilg i dtobar an Phrionsa Mailciá é, a bhí i gCúirt an Gharda, á ligean síos le rópaí. Ní raibh uisce ar bith sa tobar, ach amháin láib, agus chuaigh Irimia faoi sa láib.
7. Ach chuala Eibid Meilic an tAetóipeach, duine de na coillteáin a bhí i bpálás an rí, gur chuir siad Irimia sa tobar. Nuair a bhí an rí ina shuí i nGeata Bhiniáimin,
8. chuaigh Eibid Meilic amach as an bpálás agus labhair leis an rí:
9. “A thiarna, a rí,” ar sé, “rinne na fir seo olc agus a leithéid de bhail a chur ar an bhfáidh Irimia; theilg siad sa tobar é, áit a bhfaighidh sé bás (den ghorta mar nach bhfuil aon arán fágtha sa chathair).”
10. Ansin d'ordaigh an rí do Eibid Meilic an tAetóipeach: “Beir leat as seo triúr fear agus tarraing aníos Irimia fáidh as an tobar sula bhfaighe sé bás.”