4. Mar sin labhair na ceannairí seo leis an rí: “Cuirtear an fear seo chun báis; gan amhras lagaíonn sé lámha fuíoll lucht cosanta na cathrach, agus lámha an phobail uile freisin, ag labhairt leo ar an gcaoi seo. Ní hé leas an phobail seo a iarrann mo dhuine, ach a n‑aimhleas.”
5. “Tá sé in bhur lámha, mar is eol daoibh,” a dúirt an rí Zidicíá, “óir ní fhéadann an rí aon rud a dhéanamh in bhur n‑aghaidh.”
6. Thóg siad Irimia mar sin agus theilg i dtobar an Phrionsa Mailciá é, a bhí i gCúirt an Gharda, á ligean síos le rópaí. Ní raibh uisce ar bith sa tobar, ach amháin láib, agus chuaigh Irimia faoi sa láib.
7. Ach chuala Eibid Meilic an tAetóipeach, duine de na coillteáin a bhí i bpálás an rí, gur chuir siad Irimia sa tobar. Nuair a bhí an rí ina shuí i nGeata Bhiniáimin,
8. chuaigh Eibid Meilic amach as an bpálás agus labhair leis an rí: