Irimia 34:20-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. tabharfaidh mise iadsan i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a mbás; beidh a gcorpáin mar bhia ag éanlaith an aeir agus ag ainmhithe na talún.

21. Maidir le Zidicíá rí Iúdá agus a phrionsaí, tabharfaidh mé iadsan freisin i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a mbás, agus i láimh slua rí na Bablóine atá díreach tar éis tarraingt siar uaibh.

22. Éist, ordóidh mise é - an Tiarna a labhraíonn - agus tabharfaidh mé orthu teacht ar ais go dtí an chathair seo, í a ionsaí, a ghabháil agus a dhó go talamh. Déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.’ ”

Irimia 34