Irimia 32:30-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

30. Óir is olc amháin a rinne clann Iosrael agus clann Iúdá i m'fhianaise óna n‑óige (óir bhrostaigh clann Iosrael go deimhin mé chun feirge lena ngníomhartha - is é an Tiarna a labhraíonn).

31. Sea, tá an chathair seo chomh mór sin ina brostú feirge agus fraoch domsa ón lá ar tógadh í go dtí inniu, go mbainfidh mé as mo radharc í,

32. mar gheall ar na hoilc uile a rinne clann Iosrael agus clann Iúdá do mo bhrostúsa, iad féin, a ríthe, a bprionsaí, a sagairt agus a bhfáithe, fir Iúdá agus cathróirí Iarúsailéim.

33. D'iompaigh siad a gcúl liomsa agus ní hé a n‑aighthe; agus tar éis dom iad a theagasc go moch agus go déanach ní éistfidís ná ní raibh aird acu ar a gceacht.

34. Sheas siad a n‑íola sa Teampall a ghairthear i m'ainmse, á thruailliú.

35. Thóg siad áiteanna arda Bhál i nGleann Bhein Hionnom mar a dtugann siad ar a gclann mhac agus ar a n‑iníonacha dul tríd an tine do Mhoilic - rud nár ordaigh mise riamh, ní mó a tháinig i m'intinn go ndéanfaidís coireanna gránna mar iad - a thabhairt ar Iúdá peacú.’

36. “Ach anois, agus ar an ábhar céanna sin, is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, i dtaobh na cathrach seo faoina n‑abrann tusa go dtabharfaidh an claíomh, an gorta, agus an phlá i láimh rí na Bablóine í:

37. Cruinneoidh mise iad as na tíortha uile inar dhíbir mé iad i m'fhearg, i m'fhraoch agus i mo chuthach mór. Tabharfaidh mé ar ais don áit seo iad agus tabharfaidh mé orthu cónaí go sábháilte.

38. Ansin beidh siad ina bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia acusan.

39. Tabharfaidh mé malairt chroí dóibh agus malairt iompair, le go mbeidh mo eaglasa orthu go brách, ar mhaithe leo féin agus lena gclann ina ndiaidh.

40. Déanfaidh mé conradh síoraí leo; ní éireoidh mé as déanamh maitheasa dóibh, agus cuirfidh mé m'urraim ina gcroí, ionas nach ndealóidh siad arís uaim.

Irimia 32