Irimia 31:19-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Sea, d'iompaigh mé i leataobh,ach tháinig aithrí orm ó shin;tháinig tuigsin chugam, bhuail mé m'ucht.Bhí deargnáire orm, níor thóg mé mo cheann;sea, lean dom go fóill míchlú m'óige.’

20. An ionúin liom mo mhac Eafráim an méid sin?An bhfuil mé chomh doirte sin air mar leanbh,nach bhfuil uair dá mbagraím airnach ag cuimhneamh air a bhím,nach formhothaithe mé i gcónaí ar a shon,go ligim do mo ghrámhaireacht a bheith ag tnúthán ina dhiaidh?Is é an Tiarna a labhraíonn.

21. Cuir suas duit féin comharthaí bóthair,ardaigh clocha críche;tabhair suntas maith don tslí,an tslí ar imigh tú.Tar abhaile, a mhaighdean Iosrael,tar abhaile go dtí na bailte seo is leatsa.

22. Cá fada a bheidh tú go stadach, a iníon mhídhílis?Óir tá ní nua á chruthú ag an Tiarna ar talamh:Rachaidh an Bhean arís ar lorg a Fir Chéile.”

23. Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Bainfidh siad leas athuair as na briathra seo i dtír Iúdá agus ina bailte nuair a thabharfaidh mé ar ais iad:‘Go mbeannaí an Tiarna thusa,a choimín an chirt,a shliabh na naofachta!’

24. “Cuirfidh fúthu sa tír seo, Iúdá agus a bhailte uile, na feirmeoirí agus an dream a dhéanann buachailleacht ar na tréada.

25. Óir tugaimse suaimhneas don anam cortha agus sólás don anam doilíosach.”

26. Agus uaidhsean:Dhúisigh mé agus bhí [athbheocht] ionam,agus ba shámh é mo chodladh.

27. “Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus síolchuirfidh mé teach Iosrael agus teach Iúdá le síol an duine agus le síol an bheithígh.

28. Agus faoi mar a bhí mé ag faire orthu uair amháin, a réabadh aníos agus a bhriseadh, a chaitheamh síos, a scrios agus a mhilleadh, is mar sin a bheidh mé anois, a thógáil agus a phlandú. An Tiarna a labhraíonn.”

29. “Sna laethanta sin ní abróidh daoine níos mó:‘D'ith na haithreacha caora searbha;agus cuireadh déistin ar fhiacla na clainne.’

30. “Ach éagfaidh gach duine ar son a pheaca féin. Gach duine a itheann caora searbha, is ar a fhiacla féin a bheidh déistin.”

31. “Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - a ndéanfaidh mé conradh nua le teach Iosrael (agus le teach Iúdá),

32. ní ar nós an chonartha a rinne mé lena n‑aithreacha an lá ar ghlac mé ar láimh iad á dtabhairt amach as críoch na hÉigipte. Bhriseadar an conradh sin orm, gur thaispeáin mé dóibh cérbh é an máistir - an Tiarna a labhraíonn.

33. Ach is é seo an conradh a dhéanfaidh mé le teach Iosrael nuair a thiocfaidh na laethanta sin - an Tiarna a labhraíonn: Cuirfidh mé mo dhlí iontu istigh agus scríobhfaidh mé ina gcroí é. Beidh mé ansin i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.

34. Ní bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a chomharsa a mhúineadh, ná le deartháir a rá lena dheartháir: ‘Bíodh aithne ar an Tiarna agat!’ Ní hea, beidh aithne acu go léir orm, ón té is lú díobh go dtí an té is mó - an Tiarna a labhraíonn - óir maithfidh mé a n‑éigeart dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí níos mó.”

Irimia 31