Irimia 3:3-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Sin é an fáth ar coinníodh siar na ceathanna,agus nach raibh fearthainn an earraigh ann.Agus choinnigh tú go dána ort d'aghaidh striapaí,b'fhada uait lasadh agus náire.

4. Ar an uair sin féin nach raibh tú ag éamh orm:‘rí athair liom, ó a chara m'óige!

5. An leanfaidh sé dá fhearg go brách,an gcoinneoidh sé an racht go deireadh?’Sin a dúirt tú, ach ina dhiaidh sin níor scoir túden pheacú, bhí tú chomh ceanndána sin.”

6. Dúirt an Tiarna liomsa i laethanta Ióisíá an rí: “An bhfaca tú céard a rinne Iosrael mhídhílis, cé mar chuaigh sí suas ar gach aon sliabh ard agus faoi gach aon chrann glas, agus d'imir ansin an striapach?

7. Cheap mise: ‘Tar éis di seo uile a dhéanamh fillfidh sí ormsa.’ Ach níor fhill. Chonaic a deirfiúr fhealltach Iúdá é seo.

8. Chonaic freisin gur mar gheall ar an uile adhaltranas a bhí déanta ag Iosrael mhídhílis a chuir mise uaim í agus thug scríbhinn dealaithe di. Níor ghabh eagla a deirfiur fhealltach Iúdá, áfach, ach d'imigh sise freisin agus d'imir an striapach.

9. Bhí a striapachas chomh mínáireach sin gur thruailligh sí an talamh as a dheireadh; rinne adhaltranas le clocha agus le smutáin adhmaid.

10. Níos measa ná seo uile: níor fhill a deirfiúr fhealltach Iúdá orm ó chroí ach go bréagach - is é an Tiarna a labhraíonn.”

11. Agus dúirt an Tiarna liom: “Is mó d'fhíréan Iosrael mhídhílis ná Iúdá fhealltach.

12. Éirigh, mar sin, agus fógair na briathra seo leis an taobh ó thuaidh:Fill, a Iosrael mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn.Ní bheidh strainc orm leat feasta,óir táim trócaireach - is é an Tiarna a labhraíonn.Ní choinneoidh mé mo racht go síoraí.

Irimia 3