Irimia 26:9-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Cad chuige ar thairngir tú in ainm an Tiarna á rá: ‘Beidh an Teampall seo cosúil le Sileo, agus beidh an chathair seo uaigneach agus gan áitreabhach’?” Agus bhí an pobal uile ag plódú thart ar Irimia i dTeampall an Tiarna.

10. Nuair a chuala feidhmeannaigh Iúdá é seo tháinig siad aníos ó phálás an rí go dtí Teampall an Tiarna agus shuigh síos i mbéal Gheata Nua Theampall an Tiarna.

11. Ansin labhair na sagairt agus na fáithe leis na feidhmeannaigh agus leis an bpobal uile: “Tá breithiúnas báis tuillte ag an bhfear seo, óir thairngir sé in aghaidh na cathrach seo mar a chuala sibh le bhur gcluasa féin.”

12. Ach thug Irimia freagra ar na feidhmeannaigh agus ar an bpobal uile mar seo: “Chuir an Tiarna féin mise a fháidheoireacht na mbriathra uile a chuala sibh in aghaidh an Teampaill seo agus in aghaidh na cathrach seo.

13. Mar sin leasaigí bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha; umhlaígí do ghuth an Tiarna bhur nDia; má dhéanann sibh sin, beidh aithreachas air agus, an t‑olc a d'fhógair sé in bhur n‑aghaidh, ní dhéanfaidh sé é.

14. Maidir liomsa, féach, táim in bhur lámha. Déanaigí liom mar is maith agus is cóir libh.

Irimia 26