Irimia 25:35-38 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

35. Níl dídean anois ag na haoirí,níl éalú ag tiarnaí na dtréad!

36. Éist! uaill éimhe na n‑aoirí,guthanna thiarnaí na dtréad!Óir mhill an Tiarna a n‑iníor,

37. tá a gceapóga ciúine scriosta,[de bharr díbheirg fhíochmhar an Tiarna].

38. Tá an leon tar éis a uachais a fhágáil,anois tá a dtír ina fhásach,de bharr an chlaímh mhillte,de bharr díbheirg fhíochmhar an Tiarna.”

Irimia 25