3. Bhí Iosrael coisricthe don Tiarna, céadtorthaí a fhómhair;Ní raibh aon duine, dár bhlais de, nár íoc as;tháinig an anachain orthu,is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”
4. Éistigí le briathar an Tiarna, a theach Iacóib, agus sibhse, a mhuintir uile theach Iosrael.
5. Seo mar a deir an Tiarna:“Cén t‑easnamh a bhraith bhur n‑aithreacha ormsaa thug orthu mise a thréigean?Shiúladar ar lorg díomhaointis,agus rinneadh díomhaoin iad.
6. Ní dúirt siad riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna,a thug aníos sinn as tír na hÉigipte,a threoraigh sinn tríd an bhfiántas,trí fhearann lom fásaigh,tír thriomaigh dhorcha,tír nach siúlann aon taistealaíagus nach bhfuil cónaí duine ann?’
7. Thug mé sibh go tír thorthúil,a ithe a torthaí agus a maitheasa;ach níor luaithe sibh ann ná gur thruailligh sibh mo dhúichego ndearna sibh m'oidhreacht fuafar.
8. Níor fhiafraigh na sagairt riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna?’Lucht riartha an dlí ní eol dóibh mé.D'éirigh na tréadaithe amach i m'aghaidh;rinne na fáithe tairngreacht trí Bhál,ag leanúint nithe nach dtairbhíonn.
9. Ar an ábhar sin cuirfidh mé triail arís oraibhan Tiarna a labhraíonn -agus ar chlann bhur gclainne cuirfidh mé triail.