Irimia 12:7-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. “Thréig mé mo theach,d'fhág mé m'oidhreacht,thug mé an rud ab ionúin liomi láimh a naimhde.

8. Tá m'oidhreacht domsamar bheadh leon san fhoraois;búireann sí liom go fíochmhar;mar sin, fuathaím anois í.

9. Nó an cosúil m'oidhreacht le héan breaca mbeadh an éanlaith ag bailiú anuas uirthi ó gach taobh?Tagaigí, a bheithíocha allta,cruinnígí chun slogtha.

10. Scrios iomad tréadaithe mo gharraí fíniúna,shatail siad faoi chois mo chomhroinn,rinne siad m'oidhreacht shólásach ina fásach aonraic.

11. Rinneadh aonaránach í,áit uaigneach i mo shúile.Rinneadh fásach den dúiche ar fad,agus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí.

12. Tá na scriosadóirí tagthago gach cnocán lom san fhásach(óir beartaíonn an Tiarna claíomh a shlogann);ó cheann ceann na tírení bhfaigheann feoil ar bith síocháin.

13. Cruithneacht a chuir siad i dtalamh,ach baineann siad dreas.Chuir siad iad féin chun saothair,ach ba é an saothar in aisce é.Loiceann barraí an fhómhair orthu,mar gheall ar fhearg an Tiarna.”

14. Is mar seo a deir an Tiarna: “Maidir leis na drochchomharsana agam uile, a thóg i láimh an oidhreacht a bhronn mise ar mo phobal Iosrael, tarraingeoidh mé as a ndúichí anois iad. (Ach tarraingeoidh mé teach Iosrael as a lámha.)

Irimia 12