12. Is é a rinne an talamh lena chumhacht,is é a dhaingnigh an chruinne lena eagna,agus a spréigh amach na spéartha lena ghrinneas.
13. Nuair a dhéanann sé toirneachbíonn tormán uisce sna flaithis;tugann sé ar na néalta éirí ó chríocha na talún,déanann tintreach le haghaidh na fearthainneagus tugann an ghaoth as a ionad taisce.
14. Ar an uair sin tagann ionadh agus alltacht ar gach aon duine,deargann gach órcheard mar gheall ar íol a lámh,óir is bréaga a chuid íol gan puth anála iontu.
15. Is náideanna iad, is díol gáire;nuair a thiocfaidh am a gcuarta,rachaidh siad as.
16. Ní cosúil leo siúd “Roinn Iacóib”,óir is é cruthaitheoir an uile ní é,agus is é Iosrael treibh a oidhreachta.Tiarna na Slua is ainm dó.
17. Bailígí bhur gcuid! Imígí libh amach,sibhse atá faoi léigear!