Iósua 9:3-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Nuair a chuala muintir Ghibeón an íde a thug Iósua ar Ireachó agus ar Háí,

4. bheartaíodar dul i mbun cneamhaireachta. D'imíodar agus fuaireadar lón agus thugadar leo seanmhálaí ar a n‑asail agus seanseichí fíona a bhí pollta ach iad deisithe;

5. ar a gcosa bhí seanchuaráin chaite le cliatha iontu, agus an t‑éadach a bhí orthu bhí sé dreoite; an t‑arán go léir a bhí acu bhí sé briosc agus snas air.

6. Chuadar go Iósua sa champa i nGilgeál agus dúradar leis-sean agus le muintir Iosrael: “Thángamar ón gcoigríoch; déanaigí conradh linn más eá.”

7. Ach dúirt muintir Iosrael leis na Hivigh: “B'fhéidir go bhfuil cónaí oraibh inár measc. Conas mar sin a d'fhéadfaimís conradh a dhéanamh libh?”

8. “Seirbhísigh duitse sinn,” ar siad le Iósua. “Agus cé hé sibh féin?” arsa Iósua, “agus cad as daoibh?”

Iósua 9