Iósua 5:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a chuala ríthe na nAmórach a bhí sa dúiche laistiar den Iordáin agus ríthe uile na gCanánach a bhí ar fheorainn na farraige gur thriomaigh an Tiarna uiscí na Iordáine do phobal Iosrael, nó go rabhadar gafa anonn, tháinig beaguchtach orthu agus níor fhan aon mhisneach a thuilleadh acu de bharr chlann Iosrael.

2. Um an dtaca sin dúirt an Tiarna le Iósua: “Déan sceana breochloiche agus déan clann Iosrael a thimpeallghearradh arís den dara huair.”

3. Rinne Iósua sceana breochloiche agus thimpeallghearr sé clann Iosrael ar Chnoc na bhForchraiceann.

4. Sé cúis gur thimpeallghearr Iósua iad ná seo: na fireannaigh go léir ar an bpobal a tháinig as an Éigipt amach a bhí in aois airm a iompar, fuaireadar bás san fhásach ar an tslí dóibh tríd tar éis teacht as an Éigipt amach.

5. An mhuintir go léir a tháinig amach do timpeallghearradh iad; ach an méid daoine a rugadh san fhásach ar a slí dóibh tríd tar éis teacht as an Éigipt, níor timpeallghearradh iadsan.

Iósua 5