Iósua 18:19-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Ghabh sí as sin ó thuaidh thar ghualainn Bhéit Hoglá. Stad an teorainn ag bá thuaidh Mhuir an tSalainn, ag bun na Iordáine theas. Sin í an teorainn theas.

20. An Iordáin féin an teorainn thoir. Sin í oidhreacht chlann Bhiniáimin, agus na teorainneacha a chinntigh í mórthimpeall, ceann ar cheann.

21. Seo iad cathracha threibh chlann Bhiniáimin de réir a bhfiní: Ireachó, Béit Hoglá, Éimic Cizíz,

22. Béit Arabá, Zamáraím, Béitéil,

23. Áivím, Párá, Ofrá,

24. Cafar Ámónaí, Oifní, Geaba - dhá chathair déag lena sráidbhailte;

25. Gibeón, Rámá, Beaerót,

26. Mizpe, Cifíreá, Mozá,

27. Reicim, Irpéil, Taralá,

28. Zaelá, Haeilif, Iarúsailéim, Gibea, Ciriat Iáraím - ceithre cathracha déag lena sráidbhailte. Sin í oidhreacht chlann Bhiniáimin de réir a bhfiní.

Iósua 18