Iósua 15:17-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Ba é fear a ghabh í ná Oitníéil mac Canaz, deartháir Chálaeb; thug Cálaeb a iníon Acsá dó le pósadh.

18. Nuair a tháinig sí go dtí a fear, ghriog seisean í chun gort a iarraidh ar a hathair. Phreab sí dá hasal agus d'fhiafraigh Cálaeb di: “Cad tá uait?”

19. D'fhreagair sise: “Tabhair bronntanas dom; ós rud é gur dhíbir tú mé go dtí an fásach, an Neigib, tabhair dom toibreacha éigin uisce.” Agus thug Cálaeb na toibreacha uachtaracha agus na toibreacha íochtaracha di.

20. Ba é sin oidhreacht threibh chlann Iúdá de réir a bhfiní.

21. Seo iad na cathracha le treibh chlann Iúdá is sia ó dheas i dtreo teorainn Eadóm sa Neigib: Cabzael, Éidir, Iágúr,

22. Cíneá, Dimeoná Adádá,

23. Ceidis, Házór, Itneán,

24. Zif, Teilim, Beálót,

25. Házór Hadatá, Ciríót Heizreon (.i. Házór),

26. Amám, Seamá, Móládá,

Iósua 15