Iób 6:13-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Níl cabhair fágtha ionam,Agus d'imigh gach tuiscint uaim dá réir sin.

14. Nuair a thréigeann a chara an té atá in éadóchas,tugann sé droim láimhe le heagla an Uilechumhachtaigh.

15. Is fealltach iad mo chairde mar an tuile,Mar leaba na dtuilte a ghabh thart;

16. Bíonn siadsan ag borradh leis an leac oighir,Nuair a théann an sneachta i bhfolach iontu.

17. Nuair a thagann an teas, téann siad in éag;Sa bhrothall téann siad ar ceal.

18. Téann na carbháin as a mbealach á lorg,Imíonn siad faoin bhfásach, agus cailltear iad.

19. Bíonn carbháin Théamá ag súil leo,Agus is astu a bhíonn a muinín ag buíonta Sheaba.

20. Cuirtear díomá orthu cé go raibh misneach acu;Tagann siad ansiúd, ach loictear orthu.

Iób 6