Iób 29:4-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Mar a bhí mé i laethanta mo shéin,Nuair a chuir Dia fál timpeall mo bhotha;

5. Nuair a bhí an tUilechumhachtach fós faram,Agus mo chlann i mo thimpeall;

6. Nuair a bhí mo chosa á ní le huachtar,Agus ola ina slaoda ó na carraigeacha!

7. Nuair a ghabh mé amach go geata na cathrach,Nuair a shuigh mé in áit an mhargaidh,

8. Chonaic na hógánaigh mé agus chuaigh siad i leataobh,Agus d'éirigh na seanóirí ina seasamh.

9. Scoir na flatha den chaint.Agus leag méara ar a mbeola.

10. D'éist glór na dtaoiseach,Agus níor bhog a dteanga ón gcarball.

11. Nuair a chuala an chluas mé, chuir sí a beannacht orm,Agus nuair a chonaic an tsúil mé thug sí fianaise orm.

12. Óir d'fhuascail mé an bocht nuair a ghlaoigh sé,Agus an dílleachta a bhí gan lámh chúnta.

13. Tháinig beannacht orm ón té a bhí ag saothrú an bháisAgus chuir mé lúcháir ar chroí na baintrí.

14. Chuir mé an fhíréantacht umam mar bhrat;Ba gheall le caidhp agus clóca agam an ceart.

Iób 29