Iób 12:6-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Tá an rath ar bhothanna na ladrann;Níl baol ar lucht Dia a ghriogadh,An mhuintir a rinne dia de neart a lámh.

7. Ní gá duit ach ceist a chur ar na hainmhithe agus cuirfidh siad ar an eolas thú!Nó ar éanlaith an aeir agus múinfidh siad thú;

8. Nó labhair leis an talamh, agus inseoidh sé duit,Agus tabharfaidh iasc na farraige eolas duit.

9. Céard é ina measc seo go léir nach eol dóGurb é lámh Dé a rinne é seo go léir?

10. Tá anam gach dúile beo ina ghlaic,Agus anáil anama an chine dhaonna.

11. Nach ndéanann an chluas na briathra a phromhadhAgus an carball an bia a bhlas?

12. Leis an tseanaois a ghabhann an eagnaAgus an chríonnacht le síneadh na mblianta.

13. Is i [nDia] atá eagna agus cumhacht,Is aige atá comhairle agus tuiscint.

14. Má leag sé anuas, níl tógáil i ndán;Má chuireann sé duine i ngéibheann, níl fuascailt ann dó;

15. Má stopann sé na huiscí, téann siad i ndísc;Má scaoileann sé leo, bánn siad an talamh.

16. Tá neart ann agus teacht aniar;Is leis an dul amú agus an cur amú;

17. Fágann sé comhairleoirí ag siúl cosnochtaAgus breithiúna ina n‑amadáin.

18. Scaoileann sé crios na rítheAgus ceanglann brat íochtair faoina gcoim.

19. Fágann sé sagairt ag siúl cosnochtaAgus leagann ar lár na huaisle.

20. Ní fhágann sé focal ag na soilbhire,Agus sciobann ar shiúl gaois na seanóirí.

21. Maslaíonn sí flathaAgus coilleann ceandáine na dtréan.

22. Nochtann sé rúin as an dorchadas,Agus tugann an scáil dhorcha chun solais.

23. Mórann sé náisiúin agus ansin déanann iad a threascairt;Cuireann sé an rath ar chiníocha agus ansin déanann iad a mhilleadh.

Iób 12