Hóisé 7:5-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Ar bhreithlá ár rí buaileann breoiteacht na flatha le boirbe an fhíonaagus craitheann seisean lámh le scigirí.

6. Nuair a bhíonn comhcheilg ar siúl acu,bíonn a gcroí cosúil le sorn;mar bíonn a gcuid feirge ag cnádú léi ar feadh na hoíche go léir,ach ar maidin bladhmann sí amach ina caoiríl thine.

7. Tá siad go léir ar lasadh amhail sorn;tá a rialtóirí á n‑ídiú acu agus a ríthe uile ar lár;agus níl duine díobh a ghlaonn ormsa.

8. Tá Eafráim ag déanamh caidrimh leis na náisiúin;is cosúil le císte nár iompaíodh é.

9. Tá na heachtrannaigh ag ídiú a nirtagus ní bhraitheann sé dada!Is ag dul i léithe atá a chuid gruaigeagus ní heol dó é!

10. Tá díomas Iosrael ag tabhairt fianaise ina aghaidh;agus ar a shon sin agus uileníl siad ag filleadh ar an Tiarna, a nDia, ná ní lorgann siad é.

11. Colm baoth gan chiall is ea Eafráim;bíonn siad ag glaoch ar an Éigipt,agus is ar an Asaír a bhíonn a dtriall.

Hóisé 7