2. ach tá mallachtú agus éitheach agus feallbhású,agus goid agus adhaltranas á n‑iomadú féin sa tír,agus dúnmharuithe ag baint na sál dá chéile inti.
3. Dá dheasca sin triomóidh an tíragus meathlóidh a gcónaíonn inti,mar aon le beithígh an mhachaire agus éanlaith an aeir;agus fiú amháin éisc na farraige féin,rachaidh siad i léig.
4. Ach ina dhiaidh sin féin,ná cúisítear aon duine den choitiantacht,ná cuirtear iomardú air,óir is tusa, a shagairt, is mian liom a chúisiú.
5. Bainfear tuisle asat i lár an lae ghil,(tuisleoidh an fáidh mar aon leat san oíche)agus dítheoidh mé do mháthair.
6. Cheal eolais tá mo phobal á ndíothú.Ó chaith tusa uait an t‑eolas,caithfidh mise uaim thú as mo shagartacht;agus ó lig tusa teagasc do Dhé i ndíchuimhne,ligfidh mise do chlann i ndíchuimhne chomh maith.
7. Dá líonmhaire iad is ea is mó a pheacaíonn siad i m'aghaidh;malartóidh mise a nglóir ar an náire.
8. Is é peaca mo phobail a chothaíonn iad,agus is ina urchóid siúd atá mian a gcroí.
9. Caithfear leis an sagart mar a chaithfear leis an bpobal;óir cúiteoidh mé leo a ndrochbhéasa,agróidh mé a n‑ainghníomhartha orthu.
10. Íosfaidh siad ach ní bheidh a ndóthain acu;déanfaidh siad róstriapachas ach ní mhéadófar ar a líon,mar tá siad tar éis an Tiarna a thréigean,
11. chun a saol uile a chaitheamh le drúis.Is é an t‑úrfhíon a bheireann an chiall ó mo phobal.
12. Iarrann siad comhairle ar a smut adhmaid,agus is é an cuaille acu a thugann faisnéis dóibh;go deimhin, is dúil sa striapachas a chuireann ar seachrán iad,agus is de dheasca striapachaisa d'éirigh siad as bheith faoina nDia féin.