Hóisé 2:9-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Rithfidh sí ar thóir a leannán,ach ní thiocfaidh sí suas leo;lorgóidh sí iad ach ní bhfaighidh.Déarfaidh sí ansin: “Fillfidh mé ar ais arís ar mo chéad fhear,mar is fearr a bhí mé as an uair úd ná mar atá mé anois.”

10. Níor aithin sí gur mise a thug dian t‑arbhar agus an t‑úrfhíon agus an ola nua,agus a bhronn uirthi an fhlúirse airgid agus óir,as a ndearna siad Bálaím.

11. Ar an ábhar sin, tógfaidh mé ar ais arísm'arbhar ina ionú agus m'úrfhíon ina thráth;bainfidh mé di m'olann agus mo líon,a gclúdaíodh sí a nochtacht leo.

12. Ansin nochtfaidh mé a náire faoi shúile a leannán,agus ní fhuasclóidh aon duine í ó mo láimh.

13. Cuirfidh mé críoch lena lúcháir go hiomlán,lena féilte agus lena réanna nua,lena sabóidí agus lena tionóil shollúnta go léir

14. Scriosfaidh mé a fíniúna agus a crainn fígí, a ndúirt sí fúthu:“Is iad seo an díolaíocht a thug mo leannán dom.”Déanfaidh mise mothar díobh,agus ní bheidh iontu ach bia beithíoch.

15. Cúiteoidh mé léi na féilte,ar a ndódh sí túis in onóir na mBálaímagus ar a maisíodh sí í féin lena fáinne agus lena muince brád,chun dul ar thóir a leannán,agus mise dearmadta aici ar fad!- an Tiarna a labhraíonn.

16. Ar an ábhar sin déanfaidh mé féin í a mhealladh,agus a threorú isteach san fhásach,chun labhairt léi go muirneach.

17. Bronnfaidh mé uirthi thíos ansin na fíonghoirt a bhíodh aici,agus déanfaidh mé doras dóchais di de ghleann Ácór.Éistfidh sí liom ansin mar a rinne le linn a hóige,nuair a tháinig sí aníos ó chríocha na hÉigipte.

18. An lá sin - an Tiarna a labhraíonn -is é “a fhir liom” a thabharfaidh tú orm;choíche arís ní ghairfidh tú díom “a Bhál”.

19. Glanfaidh mé ainmneacha na mBálaím dá béal,agus ní luafar a n‑ainmneacha arís go deo.

Hóisé 2