Habacúc 1:11-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Ach ansin athraíonn an ghaothagus titeann sí chun suaimhnis.[Déanann sé siúd] dia beag dá neart féin.

12. Nach bhfuil tú ann riamh anall, a Thiarna,A Dhia liom, m'Aon Naofa,nach bhfaigheann bás choíche?Tá an pobal seo ceaptha agat ar son an chirt;chuir tú ar bun é, a charraig,chun díoltas a imirt.

13. Tá do shúile róghlan le bheith ag féachaint ar an olc;ní féidir duit breathnú ar an ansmacht.Cén fáth, mar sin, a ndearcann tú ar nós cuma liom ar lucht an fhillagus a bhfanann tú i do thost nuair a alpann an drochdhuineduine eile atá níos fíréanta ná é féin?

14. Caitheann tú leis an gcine daonna mar éisc na maranó mar phéisteanna gan mháistir.

15. Beireann an pobal seo ar chách le duán;tarraingíonn siad isteach iad lena líon;cruinníonn siad le chéile iad lena saighean;ansin bíonn áthas agus lúcháir orthu.

16. Dá thoradh sin ofrálann siad íobairt dá líon,agus dónn siad túis dá saighean;mar, a bhuíochas orthu siúd,bíonn saol na bhfuíoll acu agus flúirse bia.

17. An amhlaidh, mar sin, a leanfaidh siad orthuag folmhú a lín gan stadagus ag marú na náisiún gan trua?

Habacúc 1