Gníomhartha 7:8-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. “Ansin rinne Dia conradh an timpeallghearrtha leis, agus mar sin nuair a rugadh Íosác, rinne Abrahám é a thimpeallghearradh ar an ochtú lá. Rinne Íosác an rud céanna le Iacób agus rinne Iacób é leis an dáréag uasalaithreacha.

9. Bhí éad ag na huasalaithreacha le Iósaef agus dhíol siad san Éigipt é. Ach bhí Dia leis

10. agus thug sé slán é ó gach gábhadh dá raibh i ndán dó, bhronn air grástúlacht agus eagna i bhfianaise Fhorainn, rí na hÉigipte, agus rinne ceannaire ar an Éigipt de agus ceann ar an teaghlach ríoga.

11. Ansin tháinig gorta ar fud na hÉigipte agus ar fud Chanán. Lean cruatan mór é agus gan aon lón bia le fáil ag ár n‑aithreacha.

12. Nuair a chuala Iacób go raibh arbhar le fáil san Éigipt chuir sé ár n‑aithreacha ann don chéad uair.

13. Ar an dara turas nocht Iósaef é féin dá dheartháireacha agus fuair Forann fios cér díobh é Iósaef.

14. Ansin chuir Iósaef fios ar a athair, Iacób, agus ar an teaghlach go léir, cúig dhuine seachtód díobh san iomlán.

15. Chuaigh Iacób síos chun na hÉigipte, áit a bhfuair sé bás, é féin agus ár n‑aithreacha.

16. Aistríodh a gcoirp go Seicim, áfach, agus cuireadh iad sa tuama úd a bhí ceannaithe ann ag Abrahám ar shuim airgid ó chlann Eamór i Seicim.

17. “Nuair a bhí an t‑am ag teacht go gcomhlíonfaí an gealltanas a thug Dia d'Abrahám, bhí ár muintir san Éigipt dulta i méad agus i líonmhaireacht

18. nó gur tháinig rí i gcoróin ann nárbh aithnid dó Iósaef.

19. D'imir an rí seo calaois ar ár gcine. Rinne sé leatrom ar ár sinsir agus chuir d'fhiacha orthu a leanaí a chaitheamh amach i dtreo nach mairfidís.

20. “Ag an am seo is ea a rugadh Maois. Ba an-chaithiseach an leanbh é agus oileadh ar feadh trí mhí i dteach a athar é

Gníomhartha 7