Geineasas 46:12-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Clann Iúdá: Éar agus Ónán agus Séala agus Bearna agus Zearach (ach d'éag Éar agus Ónán i dtír Chanán); agus b'iad Heazron agus Hámúl clann Bhearnan.

13. Clann Íosácár: Tólá agus Puvá agus Iób agus Siomron.

14. Clann Zabúlun: Seirid agus Éalón agus Iachlael.

15. Is iadsan clann Léá a rug sí do Iacób i bPadan Arám, mar aon lena hiníon Díneá; triúr agus tríocha duine ar fad an líon mac agus iníonacha a bhí aige.

16. Clann Ghád: Zifeón agus Haigí, Siúiní agus Eazbon, Éirí agus Aróidí, agus Airéilí.

17. Clann Áiséar: Imneá agus Isveá agus Isví agus Beiríá agus a ndeirfiúr Searach. Clann Bheiríá: Heibir agus Mailcíél.

18. (Iadsan clann Zilpeá a thug Lábán dá iníon Léá, rug sí iad do Iacób - seisear déag).

19. Seo iad clann Ráchael bean Iacóib: Iósaef agus Biniáimin.

20. Agus rugadh do Iósaef san Éigipt ó Ásanat iníon Phóitífeara sagart On: Manaise agus Eafráim.

21. Clann Bhiniáimin: Beala agus Beicir agus Aisbéal agus Géará agus Námán agus Éichí agus Róis agus Mupaím agus Hupaím agus Ard.

22. Iadsan an chlann mhac a rug Ráchael do Iacób - ceathrar déag ar fad.

Geineasas 46