Geineasas 34:18-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Thaitin a gcuid cainte le Hamór agus le mac Hamór, Seicim.

19. Ní dhearna an t‑ógfhear aon mhoill ach an rud úd a dhéanamh, mar ba mhór a ghean d'iníon Iacóib. Ba é leis an té ba mhó onóir i dteaglach a athar ar fad é.

20. Chuaigh Hamór agus Seicim go geata a gcathrach agus labhraíodar le fir a gcathrach:

21. “Tá na fir seo muinteartha linn,” ar siad, “cuiridís fúthu sa tír seo farainn, agus bíodh cead a gcos acu ann, mar féach tá an tír fairsing go leor dóibh. Glacaimis a n‑iníonacha le pósadh agus tugaimis ár n‑iníonacha doibhsean.

22. Ach ní bheidh na fir seo sásta cur fúthu farainn agus a bheith in aon phobal amháin linne ach ar an gcoinníoll seo amháin: go ndéanfar timpeallghearradh ar gach fireannach inár measc, a ndála féin.

23. A stoc, a maoin, agus a n‑eallach go léir, nach linn iad ach aontú leo agus iad a lonnú inár measc?”

24. Ghéill gach duine a ghabhadh amach trí gheataí a chathrach do Hamór agus dá mhac Seicim; rinneadh timpeallghearradh ar gach fireannach a ghabhadh amach trí gheataí a chathrach.

25. Ar an tríú lá agus iad siúd tinn fós, thóg beirt mhac Iacóib, Simeon agus Léiví, deartháireacha Dhíneá, a gclaímhte agus isteach leo sa chathair gan fhios agus mharaíodar na fireannaigh go léir.

26. Mharaíodar Hamór agus a mhac Seicim le faobhar claímh; thógadar Díneá as teach Sheicim agus d'imíodar leo.

27. Tháinig clann Iacóib ar an ár agus chreachadar an chathair, mar gur truaillíodh a ndeirfiúr.

28. Thug siad leo a dtréada agus a dtáinte, agus a n‑asail, agus a raibh le fáil sa chathair agus faoin tuath.

29. A maoin go léir, a miondaoine agus a mná go léir, a raibh sna tithe, ghabhadar iad go léir agus d'fhuadaíodar leo iad mar chreach.

Geineasas 34