Geineasas 33:9-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. “Ach, a bhráthair,” arsa Éasau, “tá mo dhóthain agamsa. Coinnigh duit féin a bhfuil agat.”

10. “Cuir uait,” arsa Iacób, “má tá fabhar faighte agam i do láthair, glac leis an mbronntanas seo ó mo láimh. Óir, de dhéantús na fírinne, tháinig mé i radharc do ghnúise amhail is dá mba i ngnúis Dé, ach ghlac tú chugat mé le dea-mhéin.

11. Glac leis an mbronntanas a thug mé chugat dá bhrí sin; bhí Dia fial liom agus tá mo dhóthain agam.” D'áitigh sé air sa tslí sin agus ghlac sé leis.

12. “Cuirimis chun siúil agus ar aghaidh linn,” arsa Éasau ansin, “agus treoróidh mé thú.”

13. Ach arsa Iacób leis: “Tá a fhios ag mo mháistir go bhfuil na leanaí leice agus nach mór dom a bheith cáiréiseach leis na tréada agus leis na táinte nuabheirthe. Má thiomáintear ró-dhian iad ar feadh oiread agus lá, gheobhaidh an stoc go léir bás.

Geineasas 33