Geineasas 31:17-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. D'éirigh Iacób agus chuir sé a chlann agus a mhná ar muin camall

18. agus thiomáin sé a airnéis go léir roimhe amach, an mhaoin go léir agus an airnéis úd leis a ghnóthaigh sé i bPadan Arám, agus thug aghaidh ar thír Chanán agus ar a athair Íosác.

19. Agus Lábán imithe ag bearradh a chuid caorach, ghoid Ráchael íola tí a hathar.

20. Bhuail Iacób bob ar Lábán an tArámach mar nár thug sé aon leid dó go raibh sé ar tí teitheadh.

21. Theith sé lena a raibh aige agus d'imigh leis agus ghabh sé thar an Abhainn ag déanamh ar Shliabh Ghileád.

22. Trí lá ina dhiaidh sin insíodh do Lábán gur theith Iacób.

Geineasas 31