Geineasas 31:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chuala Iacób go raibh clann mhac Lábán á rá: “Thóg Iacób leis a raibh ag ár n‑athair; tá an saibhreas seo cnuasta aige ó mhaoin ár n‑athar.”

2. Chonaic Iacób nach raibh gnaoi Lábán air faoi mar a bhíodh.

3. Ansin dúirt an Tiarna le Iacób: “Fill ar thír do shinsear agus ar do mhuintir féin agus beidh mise farat.”

4. Chuir Iacób dá bhrí sin fios ar Ráchael agus ar Léá chun na mbánta mar a raibh a thréada

5. agus dúirt sé leo: “Is léir dom nach bhfuil gnaoi bhur n‑athar orm feasta faoi mar a bhíodh, ach bhí Dia m'athar faram.

6. Tá a fhios agaibhse go bhfuil seirbhís déanta agam do bhur n‑athair le barr mo nirt.

7. Ach rinne bhur n‑athair calaois orm agus d'athraigh mo thuarastal deich n‑uaire; ach níor lig Dia dó dochar a déanamh dom.

8. Cibé uair a deireadh sé: ‘Bíodh na cinn bhreaca agat mar thuarastal,’ is óga breaca a bheireadh an tréad go léir; agus cibé uair a deireadh sé: ‘Bíodh na cinn bhallacha agat mar thuarastal,’ is óga ballacha a bheireadh an tréad go léir.

9. Ar an gcaoi sin bhain Dia a stoc de bhur n‑athair agus thug domsa iad.

10. Tharla i séasúr na cúplála gur ardaigh mé mo shúile i dtaibhreamh a bhí á dhéanamh dom agus go bhfaca mé gur fireannaigh bhreaca, bhallacha agus riabhacha a bhí ag reitheadh na mbaineannach.

11. Ansin dúirt aingeal Dé liom sa taibhreamh: ‘A Iacóib!’ ‘Anseo dom,’ arsa mise.

Geineasas 31