Geineasas 27:30-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

30. Is ar éigean a bhí deireadh ag Íosác ag beannú Iacóib agus Iacób imithe amach óna athair Íosác nuair a tháinig Éasau a dheartháir isteach ón bhfiach.

31. Rinne seisean leis bia blasta a chóiriú agus thug leis chun a athar é. Agus dúirt sé lena athair: “Éirigh aniar, a athair, agus ith den tseilg a thug do mhac leis agus ansin tabhair dom do bheannacht.”

32. D'fhiafraigh a athair Íosác de: “Cé hé thú féin?” D'fhreagair sé: “Mise do mhac, do chéadghin Éasau.”

33. Bhuail taom de bhallchrith Íosác agus dúirt: “Cérbh é siúd mar sin,” ar sé, “a chuaigh ag fiach agus a fuair seilg agus a thug chugam í agus gur ith mé í go léir sula dtainig tú? Chuir mé mo bheannacht air, sea, agus is air a fhanfaidh mo bheannacht!”

34. Nuair a chuala Éasau an chaint sin lig sé liú ard cráite as á rá in ard a ghutha: “Ó a athair liom, cuir do bheannacht ormsa, sea ormsa, chomh maith.”

35. D'fhreagair sé: “Tháinig do dheartháir trí chealg agus sciob sé leis do bheannacht.”

Geineasas 27