Geineasas 27:13-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. “Bíodh an mhallacht sin ormsa, a mhic,” arsa a mháthair leis, “ach éist le mo ghlór, imigh leat agus tabhair chugam iad siúd.”

14. D'imigh sé ag triall ar an dá mheannán dá bhrí sin agus thug chun a mháthar iad agus rinne sise an béile bia blasta a thaitin le hÍosác.

15. Ansin thóg Ribeacá an t‑éadach is fearr a bhí sa teach aici leis an mac ba shine Éasau agus chuir iad ar Iacób an mac ba óige;

16. agus chlúdaigh sí a ghéaga agus mín a mhuiníl le seithí na meannán.

17. Ansin shín sí chun a mic Iacób an bia blasta agus an t‑arán a bhí ullamh aici.

18. Chuaigh sé i láthair a athar: “A athair,” ar sé. “Anseo dom,” ar seisean, “agus cé hé thú féin, a mhic?”

19. D'fhreagair Iacób: “Mise Éasau do chéadghin; rinne mé mar a dúirt tú. Éirigh aniar, agus ith den tseilg a thug mé chugat go gcuirfidh tú do bheannacht orm.”

Geineasas 27