12. Chuir Íosác síol sa tír agus bhain sé fómhar faoi chéad an bhliain sin. Chuir an Tiarna a bheannacht airsean,
13. agus rinne fear saibhir de agus mhéadaigh ar a mhaoin i gcónaí go dtí go raibh sé an-ghustalach ar fad.
14. Bhí táinte agus tréada agus a lán searbhóntaí aige i dtreo go dtáinig formad ar na Filistínigh leis.
15. Na toibreacha fíoruisce go léir a thochail daoir a athar le linn Abrahám a athair, chaith na Filistínigh cré isteach iontu agus dhún iad.
16. Agus dúirt Aibímeilic le hÍosác: “Imigh leat uainne, mar is cumhachtaí go mor tú ná sinne.”