25. An duine ba thúisce acu a saolaíodh, bhí sé rua agus é amhail is a bheadh a chorp fillte i mbrat fionnaidh; uime sin thugadar Éasau air.
26. Ansin rugadh a dheartháir agus greim lena láimh aige ar sháil Éasau; uime sin thugadar Iacób air. Bhí Íosác trí fichid bliain nuair a rugadh iad.
27. Nuair a d'fhás na buachaillí suas, rinne fiagaí oilte d'Éasau, fear tuaithe. Ba dhuine ciúin é Iacób, áfach agus, d'fhanadh sé sa bhaile sna bothanna.
28. B'fhearr le hÍosác Éasau mar go bhfuair sé blas ar an tseilg; ach b'fhearr le Ribeacá Iacób.
29. Lá dá raibh brachán á bhruith ag Iacób, tháinig Éasau isteach ón machaire agus é stiúgtha leis an ocras.