Geineasas 22:3-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. D'éirigh Abrahám go moch ar maidin, chuir an diallait ar an asal, rug leis beirt dá shearbhóntaí agus a mhac Íosác. Ghearr sé an t‑adhmad don íobairt dhóite agus chuir chun bealaigh i dtreo na háite a dúirt Dia leis.

4. Ar an tríú lá thóg Abrahám a shúile agus chonaic sé an áit i bhfad uaidh.

5. Ansin dúirt Abrahám lena shearbhóntaí: “Fanaigíse anseo leis an asal; rachaidh mise agus an gasúr ansiúd sall; déanfaimid adhradh agus ansin filleadh oraibh.”

6. Thóg Abrahám adhmad na híobartha dóite, agus chuir ar muin a mhic Íosác é; agus rug leis ina láimh an tine agus an scian agus chuir siad araon chun siúil le chéile.

7. Dúirt Íosác lena athair Abrahám: “A dhaid,” ar sé. “Anseo dom!” arsa Abrahám. “Seo é an tine,” ar sé, “agus an t‑adhmad, ach cá bhfuil an t‑uan d'íobairt dhóite?”

8. D'fhreagair Abrahám: “Cuirfidh Dia féin an t‑uan ar fáil don íobairt dhóite,” agus ar aghaidh leo araon le chéile.

9. Nuair a shroicheadar an áit a thaispeáin Dia dó, thóg Abrahám altóir ann agus chóirigh an t‑adhmad uirthi. Chuir sé ceangal faoina mhac agus leag ar an altóir é, anuas ar an adhmad.

Geineasas 22