Geineasas 2:9-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Chuir an Tiarna Dia ag fás aníos as an talamh gach uile chineál crainn is geal leis an tsúil agus is maith le hithe, crann na beatha mar an gcéanna i lár an ghairdín agus crann fhios na maitheasa agus an oilc.

10. Bhí abhainn ag sní as Éidin amach ag uisciú an ghairdín, agus roinneadh ansiúd í agus rinne ceithre abhainn di.

11. Píseon a thugtar ar an gcéad abhainn díobhsan, agus is í sin a ghabhann timpeall tír Havalá go léir mar a bhfuil an t‑ór.

12. Is maith é ór na tíre sin, agus tá bdellium ann agus óinix.

13. Gíohón a thugtar ar an dara habhainn agus is í a ghabhann timpeall tír Chúis go léir.

14. An Tigris a thugtar ar an tríú habhainn agus sníonn sí lastoir den Aisír. An Eofrataes an ceathrú habhainn.

15. Thóg an Tiarna Dia an duine agus chuir i ngairdín Éidin é chun é a shaothrú agus aire a thabhairt dó.

16. Thug an Tiarna Dia aithne don duine á rá: “Tá saorchead agat toradh a ithe de gach crann sa ghairdín,

17. ach toradh de chrann fhios na maitheasa agus an oilc, ní íosfaidh tú mar an lá a íosfaidh tú de thoradh an chrainn sin, gheobhair bás, gheobhair sin.”

18. Agus dúirt an Tiarna Dia: “Ní maith é an duine a bheith leis féin. Déanfaidh mé céile cúnta a dhiongbhála dó.”

19. Chum an Tiarna Dia dá bhrí sin as an talamh ainmhithe an mhachaire go léir, éanlaith an aeir go léir, agus thug sé i láthair an duine iad féachaint cen t‑ainm a thabharfadh sé orthu: cibé ainm a thabharfadh an duine ar gach dúil bheo, sin é a bheadh mar ainm air.

20. Thug an duine ainm ar an eallach go léir, ar éanlaith an aeir go léir, agus ar na hainmhithe allta. Ach ní bhfuarthas céile cúnta a dhiongbhála don duine.

21. Chuir an Tiarna Dia suan trom ar an duine, agus, ina shuan dó, bhain sé easna as agus chuir feoil ina timpeall.

22. An easna a bhain an Tiarna Dia as an duine, rinne sé bean aisti, agus thug chun an duine í.

23. Dúirt an duine ansin:“Is cnámh de mo chnámha-sa í seo ar deireadh,Agus is feoil de m'fheoilse í.Tabharfar bean (ís-seá) uirthiMar gur baineadh as an bhfear (ís) í.”

24. Uime sin, fágann an fear a athair agus a mháthair agus cloíonn sé lena bhean, agus déanann aon fheoil amháin díobh.

Geineasas 2