28. D'fhéach sé uaidh síos i dtreo Shodom agus Gomorá agus an ghleanna mar a rith sé, agus chonaic sé an deatach ag éirí on talamh, mar dheatach ó fhoirnéis.
29. Sin mar a bhí nuair a scrios Dia cathracha an ghleanna agus gur chuimhnigh sé ar Abrahám agus gur shaor sé Lót ón díothú nuair a dhíothaigh sé na cathracha mar ar chónaigh Lót.
30. D'imigh Lót amach as Zoar agus chuir sé faoi sna cnoic fara a bheirt iníon mar bhí eagla air fanacht i Zoar. Mhair sé in uaimh é féin agus a bheirt iníon.
31. Agus dúirt an té ba shine leis an té a ba óige: “Tá ár n‑athair anonn san aois, agus níl fear sa dúiche chun céileachas a dhéanamh linn mar a dhéantar ar fud an domhain mhóir.
32. Téanam, cuirimis ar meisce le fíon é agus luímis leis agus beidh sliocht orainn ónár n‑athair.”