12. Chuir Abrám faoi i dtír Chanán; chuir Lót faoi i measc cathracha an ghleanna agus d'aistrigh sé a bhoth i gcóngar Shodom.
13. Drochdhaoine a ba ea muintir Shodom agus peacaigh mhóra in aghaidh an Tiarna.
14. Dúirt an Tiarna le hAbrám tar éis do Lót scaradh leis: “Féach uait ón áit ina bhfuil tú ó thuaidh, ó dheas, soir agus siar.
15. An talamh go léir a fheiceann tú tabharfaidh mé duit é agus do do shíol go brách.
16. Déanfaidh mé do shíol mar an luaithreach ar an talamh i dtreo má fhéadann daoine na cáithníní luaithe ar an talamh a chomhaireamh, ansin féadfaidh siad do shíolsa a chomhaireamh!
17. Éirigh agus siúil an tír ó cheann ceann agus ó thaobh taobh, mar tabharfaidh mé duit é.”
18. D'aistrigh Abrám a bhoth dá bhrí sin agus tháinig chun cónaí taobh le Dair Mhamrae, ag Heabrón agus thóg sé altóir don Tiarna ann.