Geineasas 1:13-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Ba shin an tríú lá, an nóin agus an mhaidin.

14. Dúirt Dia: “Bíodh soilse i bhfirmimint neimhe chun an lá a scaradh ón oíche, agus bídís mar chomharthaí, do shéasúir, do laethe agus do bhlianta.

15. Bídís ina soilse i bhfirmimint neimhe ag taitneamh ar an talamh.” Agus bhí sin amhlaidh.

16. Rinne Dia dhá sholas mhóra, an solas is mó chun an lá a rialú agus an solas is lú chun an oíche a rialú, agus na réaltaí mar an gcéanna.

17. Chuir Dia i bhfirmimint neimhe iad le taitneamh ar an talamh,

18. chun an lá agus an oíche a rialú agus an solas a scaradh ón dorchadas. Chonaic Dia gur mhaith sin.

19. Ba shin an ceathrú lá, an nóin agus an mhaidin.

Geineasas 1