Galataigh 4:16-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. An bhfuilim i mo namhaid anois agaibh de chionn go bhfuilim ag insint na fírinne?

17. Ní le dea-rún atá na daoine eile úd ag déanamh cúraim mhóir díbhse; níl uathu ach sinne a dhealú amach uaibh ionas go ndéanfadh sibhse cúram mór díobh féin.

18. Is breá an rud mór a bheith á dhéanamh díbh má dhéantar le dea-chroí é agus ní amháin nuair a bhím in bhur láthair ach an t‑am ar fad.

Galataigh 4