10. Bhí ardáthas orm sa Tiarna gur tháinig athbhláth faoi dheireadh thiar ar an tsuim atá agaibh ionam i gcónaí ach gan aon chaoi agaibh í a thaispeáint.
11. Ní ag casaoid faoin ngannchúis atáim mar tá foghlamtha agamsa bheith sásta lena bhfuil agam.
12. Tá eolas agam ar an gcaolchuid agus ar an bhflúirse. Tá seantaithí agam ar gach sórt: ar an mórdhóthain agus ar an ocras, ar an bhflúirse agus ar an ngannchuid.
13. Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.
14. Mar sin féin ba mhaith an mhaise daoibhse teacht i gcabhair orm i mo chruachás.
15. Tá a fhios agaibh féin, a mhuintir Fhilipí, nuair a d'fhág mé an Mhacadóin ag tosú ar an tsoiscéalaíocht, nach ndeachaigh aon eaglais i bpáirtíocht ná i gcomhar liom sa ghnó ach sibhse amháin.