Filipigh 1:19-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. mar go bhfuil a fhios agam go rachaidh sé chun mo shlánaithe le cabhair bhur n‑urnaithese agus le cúnamh ó Spiorad Íosa Críost.

20. Mar tá súil agus dóchas láidir agam nach gcuirfear aon náire ar aon chor orm ach le gach muinín anois mar ba ghnáth go nglóireofar Críost i mo chorp, cibé acu beatha nó bás atá i ndán dom.

21. Mar is é Críost is beatha domsa agus ba shochar dom an bás.

22. Ar an taobh eile, áfach, má bhíonn rath ar mo shaothar fad a mhairim sa cholainn, ní fheadar cé acu rogha a dhéanfaidh mé.

23. Táim i gcás idir dhá chomhairle: tá fonn orm síothlú liom agus bheith fara Críost, mar ba é ba fhearr go mór.

24. Ach is riachtanaí go bhfanfainn sa cholainn ar mhaithe libhse.

Filipigh 1