Eoin 6:30-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

30. Dúirt siad leis: “Cén comhartha mar sin atá tú a dhéanamh ionas go bhfeicfimis é agus go gcreidfimis ionat? Cad atá tú a dhéanamh?

31. D'ith ár n‑aithreacha manna san fhásach faoi mar atá scríofa: ‘Thug sé arán ó neamh dóibh le hithe.’ ”

32. Dúirt Íosa leo ansin:“Amen, Amen, a deirim libh,ní hé Maois a thug an t‑arán ó neamh daoibh,ach is é m'Athair a thugann an t‑arán ó neamh daoibh,an t‑arán fírinneach.

33. Óir is é arán Dé an té a thagann anuas ó neamhagus a thugann beatha don domhan.”

34. “A dhuine uasail,” ar siad ansin leis, “tabhair dúinn an t‑arán sin i gcónaí.” Dúirt Íosa leo:

35. “Mise arán na beatha,an té a thagann chugamsa ní bheidh ocras air choíche,agus an té a chreideann ionamsa ní bheidh tart air choíche.

36. Ach dúirt mé libh go bhfaca sibh méagus nach gcreideann sibh.

37. Gach a dtugann an tAthair domtiocfaidh sé chugam,agus an té a thagann chugamní chaithfidh mé amach é.

38. Óir tháinig mé anuas ó neamhní chun go ndéanfainn mo thoil féinach toil an té a chuir uaidh mé.

39. Agus is é seo toil an Athar a chuir uaidh mé,nach gcaillfinn aon chuid dár thug sé dom,ach go dtógfainn suas é an lá deireanach.

40. Óir is é seo is toil leis an Athair a chuir uaidh mé,gach duine a fheiceann an Macagus a chreideann ann,go mbeadh an bheatha shíoraí aige,agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.”

Eoin 6