Eoin 4:40-45 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

40. Nuair a tháinig na Samáraigh chuige dá bhrí sin bhí siad ag tathant air fanacht faróthu, agus d'fhan sé ansiúd dhá lá.

41. Ba mhó go mór a chreid de bharr a bhriathair

42. agus deiridís leis an mbean: “Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain.”

43. Tar éis an dá lá d'fhág sé an áit sin agus d'imigh don Ghailíl.

44. Óir Íosa féin go deimhin a thug fianaise nach bhfaigheann fáidh onóir ina dhúiche féin.

45. Ach ar theacht don Ghailíl dó dá bhrí sin ghlac muintir na Gailíle é de bhrí go bhfaca siad na nithe go léir a rinne sé in Iarúsailéim lá na féile mar chuaigh siad féin ar an bhféile chomh maith.

Eoin 4